Ach, a dhochtúir, an oibreoidh a leithéid?

Nuair a bhímid tinn, bíonn an cóir leighis is fearr ag teastáil uainn. Ach conas is féidir linn a bheith cinnte go n-oibríonn an chóiríocht?  Is iad na trialacha cliniciúla atá fánach an tslí is fearr chun é a thástail an bhfuil cóir leighis níos eifeachtúla agus nios fearr ná córacha eile nó ar bhfearrde é gan cóir. 

OIdeas ar chóir leighis nua a chur faoi thriail

1.  Roghnaigh daoine atá breoite.

2.  Cuirtear an chóir nua atá faoi thriail ar leathghrúpa amháin.

3.  Cuirtear an ghnáthchóir (nó cóir bhréige - placebo - mura bhfuil gnáthchóir ann) ar an leathghrúpa eile.

4.  Fágtar faoi chinniúint é chun cinneadh a dhéanamh ar cé acu a chuirfear an chóir nua nó an ghnáthchóir air/uirthi - tugtar leithdháileadh fánach ar an bpróiseas seo.

6.  Cuir na grúpaí i gcomparáid le chéile chun a fháil amach cé acu na daoine a tháinig biseach orthu, agus cé acu a bhí tionchar neamhfhabhrach orthu agus léireofar leis seo cé acu an chóir leighis is fearr.

 

Cén fáth nach féidir le daoine i dtriail chliniciúl atá fánach a rogha chóir leighis a bheith acu?

Murab ionann na daoine a bhfuil an chóir leighis nua á chur orthu agus na daoine ar a bhfuil an ghnáthchóir nó an chóir bhréige a chur orthu, ní féidir leat a bheith muiníneach as cinneadh go bhfuil cóir leighis amháin níos fearr nó níos measa ná an cheann eile. Cén fáth? Mar d'fhéadfaí go mbeadh na héagsúlachtai sna torthaí de bharr éagsúlachtaí a bhí ann idir na grúpaí roimh ré. Más mian leat grúpaí atá cosúil le chéile a roghnú, is fearrde é an chóir leighis atá á chur ar gach uile dhuine a fhágáil faoin gcinniúint, mar shampla, bonn airgid a chaitheamh san aer, rudaí a chur ar crainn, nó ríomhchlár a úsáid chun sampla fánach a roghnú. 

Chomh maith leis sin ní mhian leat go mbeadh aon duine ag smaoineamh "Is mise a fuair an chóiríocht is fearr" nó "is mise a fuair an chóiríocht is measa" mar is amhlaidh go mbeadh tionchar ag na smaointí sin ar an toradh leis an duine sin! Dá bhrí sin, ba chóir nach mbeadh a fhios ag aon duine cé acu an chóir leighis atá á chur air/uirthi - tugtar "mascáil" air seo. Is fearrde é chomh maith nach bhfuil a fhios agat cé acu an chóir leighis atá á chur ar othair éagsúla (tugtar caochú na gcúramóirí, caochú na measúnóirí, agus caochú na n-imscrúdaitheoirí air) mar d'fhéadfaí go mbeadh tionchar aige ar na torthaí chomh maith!

Coinnigh cuimhne air seo, ní féidir leat bheith cinnte faoin gcóiríocht is fearr go dtí go mbeidh torthaí na dtrialacha cliniciúla atá fánach faighte agat - cuirtear trialacha ar siúl chun neamhchinnteacht faoi cé acu an chóir leighis is fearr a réiteach.  Is minic a mbíonn níos mó ná triail amháin riachtanach chun a bheith fíorchinnte faoin gceist!

Is dóigh nach mbeidh caoi agat do thriail féin a chur ar siúl, ach d'fhéadfaí go bhfaighidh tú cuireadh le páirt a ghlacadh i dtriail mar othar. Roimh duit aontú leis an gcuireadh, tá sé an-tábhachtach go dtuigeann tú conas a oibríonn trialacha cliniciúla atá fánach, agus go dtuigeann tú dearadh agus cuspóir na trialach a bhfuil cuireadh ort a bheith páirteach ann, maraon leis na buntáistí agus na priocail a d'fhéadfaí a bheith bainteach leis.

Tá sé d'aidhm ag ECRAN tuiscint faoi thaighde míochaine a éascú, agus cuirtear eolas ort faoi gach a bhaineann le páirt a ghlacadh sa phróiseas tábhachtach seo na dtrialacha cliniciúla. 

Rate this content: 
No votes yet